Cuairt Uachtarán na hÉireann
27 Beal 2026
Thug Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, cuairt ar Choláiste na hOllscoile Corcaigh ar an 27 Bealtaine 2026 chun breis agus 175 de bhlianta teagaisc agus labhairt na Gaeilge san ollscoil seo a chomóradh linn.
Le linn na cuairte seo, bhuail an tUachtarán le baill foirne agus mic léinn ó Roinn na Nua-Ghaeilge. Thug an tOllamh Pádraig Ó Macháin léargas di ar Leabhar Leasa Móir (Leabhar Mhic Cárthaigh Riabhaigh) agus thaispeáin an Dr Síle Ní Mhurchú Clocha Oghaim na hollscoile di.
